Fuinneamh Mara
Faoí lathair, tá suíomh thriail éagsúil do fuinneamh mara thart ar an domhan. Tá BEO bonnaithe sa Spidéal, Co. Gaillimhe in aice don chead suíomh i bPoblacht na hEireann. Tá Éireann agus tíre eile ag iarraidh a bheith mar chuid de na céad stáit chun fháil isteach sa margadh brabúsach seo. Tá an 37 heicteáir suíomh lonnaithe míle taobh thoir den cósta an Spidéal (tuille eolas thíos). Faoí láthair sé Wavebob an feiste atá siad ag triail ag an suíomh. Sa Bhreatain Mhór, tá an Feidhmeannach Albanach tar éis £13 (€20) milliúin a cuir isteach i gciste chun feirme dtonnta a forbairt sa “European Marine Energy Centre” ar Inse Orc. San áireamh le suíomheanna eile san Eoraip, tá na h-oileain Asóir, Espoo san Fhionlainn agus Caolas Messina san Iodáil. Thart ar an domhan (in úsáid agus bheartaithe) tá Oahu i Hawaii, Bá Makah i Washington, Ucluetet i gCeanada agus Cuan Kaipara, Auckland i nAotearoa.
Suíomh Thrial Fuinneamh Mara, Cuan na Gaillimhe.
Cruthaigh Foras na Mara le Sustainable Energy Ireland suíom thrial do fuinneamh mara i gCuan na Gaillimhe. Tabhair an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha amach léas imeall trágha ar an suíomh i Márta 2006.
Tá an suíomh thriail lonnaithe ar an taobh thuaidh do chuan na Gaillimhe, míle taobh thoir den cósta an Spidéal. Chun coinneáil amach as bealach mbáid sa ceantar tá marcóir loingseoireacht in áit sa ceithre coirneail. Tá achar 37 heicteáir ag an suíomh agus tá sé I 21-24 méadair d’uisce. Tá baoi a dheanann taifead ar na dtonnta in áit ag an suíomh.
Rinne Foras na Mara staidear clíoma agus samhaltú i 2004 agus léirigh sé oiriúnacht an suíomh le h-aghaidh trial 1/3 do 1/5 scálaigh hinneall.
Tá treoirlinte do forbróirí a mbeadh suim agaibh an suíomh a úsáid le fáil ó bhForas na Mara nó an Marine Institute.
La Rance, An Bhriotáin, An Fhrainc.
Is dóigh go bhfuil an feiste is sinne sa domhan ag baráiste taoidmhear La Rance gar go Saint-Malo sa Fhrainc. Thosaigh obair ar an baráiste seo i 1960 agus chríochnaigh sé i 1967. Sé atá sa gcoras seo na damba 330m ar fhad agus imchuach le raon taoide de 8m. Tá 24 turbín de 10MW sa damba (240MW go h-iomlán) agus iad ceangailte istach leis an ghreille 225kV. Tá trastomhas 5.4m ag gach ceann de na 24 turbíní. Tagann gine leictreachas ar gach taoide aife, rud a dheanann níos easca réamh-mheas a dheanamh ar leibhéal na gine. Siad Electricité de France a cheap ar an leagan amach.
Saineolaí Fuinneamh Mara
Sé John O Sullivan an saineolaí ata ag BEO maidir le cursaí fuinnemah na bhfarraige. Tá taithí aige le cursaí fuinneamh.Caith sé tréimhse ag obair i fuinneamh gaoithe agus fuinneamh mara.Tá cailithe innealltóireacht leictreach aige agus le gairid tá Maistreacht Bainistíocht Crios an Chósta aige fresin. Le haghaidh an Maistreacht seo, rinne sé staidear ar an chósta chun fhail amach go raibh na h-aiteanna is fearr le forbairt ar fuinneamh mara.
Tá na blianta caite ag John ar an fharraige agus tá taithí praicticiúl aige ann. Bfheidir go mbeach suim aige cúnadh a thabhairt duit le scéim fuinneamh na bhfarriage.
Na Feistí
Is mé ag an "ocean energy forum" i n-Órán Mór thart ar 6 mhí ó shin, bhuail mé le fear ann, a raibh eolas aige faoí chursaí fuinneamh mara. Chuir mé ceist air faoi cursaí mar a bhaineann siad le na feistí mara. Seo an freagra a bhfuair mé;
"Tá thart air 150 feistí mara thios ar pháipéir thar an domhan ar fad. Tá leath acu sinn tóghta ag scála eigint. Agus níl ach glac nó dornán acu curtha san fharraige."

