Photographs of various energy sources and solutions

Ábhair Foirgníochta agus Tógala

Feadfaidh teicneolaíocht in-athnuaite a bheith mar diomailt ama agus airgid mura stopann tú teas ag scaoileadh ó do theach. Tagann na leide seo ón chlár “Teach Glas” ó TG4;

  • Go tipiciúil is iad na ballaí is cúis le aon tríú do chaillteanas teasa. Deacair a leigheas i dtithe atá tógtha cheanna féin, ach tá ábhair éagsúla gur féidir a shéid isteach sa gcogús tríd poill bheaga.
  • Tá níos mó na leath seans nach bhfuil insliú cóir i do áiléar, seans freisin go bhfuil pé ábhar atá ann brúite síos (agus a éifeacht laghdaithe thar ama). D'fhéadfadh sé go gcosnaíonn sé níos lú na luach dabhach ola an jab a réiteach agus aon tríú don chaillteanas teasa a shábháil.
  • Má tá snátháin-gloine dá úsáid, ní mór ar a laghad 250mm (100mm idir na giarsaí agus 150mm trasna ar na giarsaí)
  • Coimeád cuirtíní dúnta san oíche agus ná bíodh siad ag crochadh ar aghaidh na radaitheoirí. Is fearr cuirtíní le líneáil theirmeach atá docht leis an balla.
  • Ní ceadaítear insliú polúireatáin a úsáid taobh istigh do fhoirgnimh í gcuid do thíortha na hEorpa, mar go ndeirtear go gcuireann an gás a éalaíonn uaidh le "siondróm tinneas tí", mar a glaoitear air.
  • Léiríonn U-Value an luas ar a gcailltear teas tríd aon saghas ábhar nó cnuasach ábhar (m.sh. balla/díon).
  • Is as páipéar athchúrsáilte a thagann snátháin- ceallalós, a bhfuil ceimicí (m.sh. boron) curtha leis chun é a chosaint uaidh baoil tine agus fungus.
  • Olann Cloiche - Is cloch é seo as a dhéantar snáithín tar éis do a bheidh téite ag 1600 Celsius - cosúil le candyfloss.
  • Úsáidtear níos lú cumhacht i ndéantús táirgí ábhar inslithe atá níos nádúrtha ar nós olann caorach, cnáib agus snáithín ceallalóis.
  • Le scragall (le insliú más féidir) a chur taobh thiar do radaitheoirí atá crochta ar bhallaí a bhfuil cúl seachtrach ortha, déantar laghdú suntasach ar an líon teasa a cailltear tríd ballaí mar iad
  • Fagann áiléar atá gan insliú fíor beagán idir tú agus an fuacht taobh amuigh. Tá U-luach do 2.3 ag díon gan insliú; is ionann é seo agus dhá bholgán 60w a fhágáil casta air ceithre uair is fichead. (2.3 x 50m cearnach = 115w). Le insliú bunúsach laghdaíonn sé seo go dtí 20w (0.4 x 50m cearnach), beagnach 1/6ú.

Treoir i dtaobh céannacht insliú:

 


Sean Teach
Tipiciúil

Caighdeán
i Éireann

Cospóir
U-luachanna

Ballaí Seachtrach

0.46 go 2

0.27

0.20 nó níos lú

Fuinneoga, Doirse agus Spéirléas

3 go 5

2.20

1.50 nó níos lú

Díon Cothrom

 


0.22

0.20 nó níos lú

Díon Claonta, Insliú Cothrom ag leibhéal an t-síleáil

0.37 go 1.6

0.16

0.14 nó níos lú

Díon Claonta Insliú le Fána

 


0.20

0.20 nó níos lú

Urláir ag leibhéal na Talún

 


0.25

0.25 nó níos lú

Rudaí ar cóir aird a thabhairt orthu agus áit cónaithe ádh chéannacht:

  • Ba chóir dearadh tí a chinntiú go bhfuil na seomraí is mó atá in úsáid, na fuinneoga is mó agus na seomraí gloine ag díriú ó dheas í dtreo na gréine.
  • Tá éifeacht teasa feabhsaithe le dearadh dlú/dronuilleach; dá laghad achar sna ballaí sé is lú ballaí atá le téamh.
  • Le fascadh bíonn teach níos easca a choimeád te- ní airítear go minic an fuarú a tharlaíonn de thoradh seide na gaoithe timpeall ar theach. Is beag fascadh a faightear uaidh crainnte duillsilteacha sa gheimhreadh. Ach ó dheas cruthaíonn siad scáth úr sa samhradh agus solas agus fiú teas sa ngeimhreadh
  • Má tá fána ar an suíomh is fear é a bheidh ag claonadh ó dheas.
  • Déan cinnte go bhfuil díonadh fuaime sna hurláir/ ballaí idir árasáin/tithe eile.
  • Mura bhfuil na giarsaí san áiléar clúdaithe le insliú, tá seans mhaith nach bhfuil an insliú sách maith. Déan cinnte nach bhfuil seoide in áit ar bith sna seomraí.
  • Fan amach uaidh thithe atá ag braith ar chóras teas leitreach, ba chóir córas le foinse athnuaite a lorg.
  • Léiríonn comhlaí teirmístatach, dabhach uisce le insliú réamhdhéanta í monarchan agus bolgáin CFL, gur cuireadh éifeacht teasa san áireamh ar leibhéal bunúsach ar a laghad.


Is modh é an lipéid fuinnimh chun comparáid a dhéanamh i dtaobh éifeacht fuinnimh inár dtithe, mar a dhéanann muid le úsáid breosla inár gcarranna. Is maide tomhais é atá cruthaithe de thoradh tástáil a dhéanann meastóir oifigiúil a bhfuil dualgas air sonraí agus moltaí a chur ar fáil a chuideodh le billí fuinnimh a laghdú. I gcás gcarranna, is mílte/galún nó litre/100km atá í gceist; lenár dtithe is kWh/m2/bliana (Kilowatt Uair in aghaidh an méadair cearnach go bliantúil) atá ann.

Baineann an BRT (Building Energy Rating System) le gach teach nua a bheidh le díol nó le ligean agus a fhaigheann cead pleanála ó Mí Eanáir 2007 ar aghaidh. Ó 2009 beidh gá de réir dlí, lipéid fuinnimh a chur ar fáil do gach teach nó arásán atá le díol nó le ligean.

Seasfaidh an lipéid ar feadh 10 mbliana ar a mhéid. Ceaptar go mbeidh costas le cois is €300 ar mheastachán fuinnimh ar ghnáth theach. Is féidir a theacht ar meastóirí fuinnimh sa leabhar fón (Golden Pages). De réir gach dealraimh, beidh éifeacht ag an lipéid fuinnimh ar luach tí agus é dá dhíol nó dá ligean amach anseo agus da bhri sin dá luaithe a déantar meastachán ar theach is mó an buntáiste a bheadh i gceist.

Le buiséad idir €80 agus €10,000, seo cuid do na roghanna a bheadh tú in ann a dheanamh chun fuinneamh a shábháil:

  • Ar €80 d'fheadfadh sé na bolgáin solais ar fad a aistriú go CFL (Compact Florescent Lamps) agus sábhálfadh sé €40 taobh istigh do bliain.
  • Sábhálfadh sé €150 go bliantúil ach €600 a chaitheamh ar insliú a shéideadh isteach sa choguas sna ballaí.
  • Le beagán oibre agus €400 is féidir leis 300mm insliú a chur san áiléar agus €75 sábháil sa mbliain.
  • Ar 1000 euro is féidir 300mm insliú a chur faoi na hurláir adhmaid - rud a n-íocfadh as féin taobh istigh do 5 bliana ach chaithfear costas fear oibre a chur san áireamh.
  • Má chaitheann sé €10k ar conraitheoir a chuirfeadh fuinneoga nua le gloine dúbailte ar fud an tí, laghdóidh sé na billí cumhachta bliantúil timpeall €150.

Seirbhisí agus Torthaí

Labhair Linn