Photographs of various energy sources and solutions

An Fhoireann

Tadhg Ó Conaill

Is é Tadhg Ó Conaill bunaitheoir BEO. Le gairid, thainig sé ar ais ó Mheiriceá Thuaidh, áit ina raibh sé ag déanamh taighde ar fhuinneamh gaoithe sna StáIt Aontaithe. Tá roinnt blianta taithí aige a bheith ag obair sa rannóg fuinnimh agus i mbainistíocht tionscadail anseo agus thar sáile (an Afraic Theas & an Mhaláiv).

Tá teastas i bhFuinneamh In-athnuaite ó Institiúid Thiobraid Árann críochnaithe le gairid aige agus tá Máistreacht aige i mBainistíocht Acmhainní Timpeallachta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá taithí phraiticiúil aige i réimsí éagsúla ar nós an tionscal córais leictrigh, cothabháil innill bád agus obair píblíne gáis sa mBreatain.

Ta traenáil faighte aige i réimsí ar nós: Foirgníocht Theaghlaigh agus Inbhuanaithe, Suiteáil Phainéil Gréine agus Stiúradh agus Iniúchóireacht Fuinnimh.

Tá ailt nuachtáin agus irisleabhair scríofa aige chomh maith le tuairiscáil. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais.

Kieran Cunnane

Is comhairleoir teicneolaíochta agus fuinnimh é Kieran ó 2002, ag díriú ar na réimsí teaghlaigh agus tionsclaíochta. Saineolaí uathoibrithe agus bogearraí leabaithe, d'oibrigh sé cheana sna tionscail leictreonach . I measc na dtionscadal teicneolaíochta fuinneamhbhunaithe tá an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán Spáinneach, anailíseoirí gáis agus uathoibriú bia (fís) agus teiliméadracht raidió. Roimh 2002, bhí Kieran ag obair mar maoirseoir innealtóireachta tástála.

Chomh maith le bheith ag cur iniúchadh teaghlaigh (cáilithe maidir le Grádú Fuinnimh Tí) agus tionsclaíoch ar fáil, cuireann Kieran réitigh ordaithe rialú agus tomhais fuinnimh ar fáil.

Caoimhín Ó Maolallaigh

D'oibrigh Caoimhín leis an gcomhlacht ailtireachta éiceolaíochta cáiliúil Bhaile Átha Cliath-lonaithe Paul Leech : Gaia Ecotecture. Is ansin a bhí sé obair ar thionscadail éagsúla teaghlaigh agus tráchtála, an ceann ba thábhachtaí acu sin ná oifig éiceolaíochta frámaí adhmaid 5 stór ag Comhar Creidmheasa na hUaimhe i gCo. na Mí. D'oibrigh sé freisin mar theicneoir ailtireachta ar thionscadail áitiúla éagsúla le OKM Architects i nGaillimh.

Solaris

Solaris agus BEO ag obair le cheile chun painéil ghréine a chuir isteach do thithe agus ghnóthaí.

Tá Solaris ar ceann de na comhlachtaí painéil gréine is faide ar an bhfód agus is cailiúla in Éirinn. Is comhlacht óg, bríomhar iad ag plé le cursaí fuinnimh gréine amháin.

Tá caidreamh oibre iontach cruthaithe acu le proifisiúnaigh a bhaineann leis an tionscal tógála. Tuigeann ailtírí, innealtóirí, conraitheoirí tógála, pluiméirí, conraitheoirí dín agus na ceirde eile luach a saineolais agus an cur chuige praiticiúil atá acu. Ligeann a bhfócas ar réitigh gréine foirgnimh-chomhtháite do dhearthóirí réitigh fuinnimh gréine a chuir isteach i dtionscadail a stopfadh ceisteanna aeistéitiúla cheana iad. Tá cuid mhór de mhargadh gréine teirmí na hÉireann ag Solaris agus iad ag súil le todhchaí thorthúil.

Is ionann a ndílseacht don timpeallacht agus a ndílseacht da gcustaiméirí.

Le tuilleadh eolais ar fhuinneamh gréine, cliceáil anseo le do thoil.

Pluiméireacht Paddy O Connell

Tá Paddy O Connell ag rith a ghnó fhéin ar feadh 10 mblíana thart ar Gaillimh. Tá foireann de chúigear fhear ag obair dó agus déanann sé go leor obair teicniúil BEO thart timpeall na Gaillimhe. Leis na scíleanna agus an taithí atá ag a fhoireann, bíonn siad ag cuir isteach agus ag stiúradh teicneoileachta ar nós painéil gréine.

Comhpháirtí eile BEO

Tá ceangail ag BEO le comhlachtaí éagsúla i réimsí éagsúla eile fuinnimh. B’fhéidir go mbeadh suim acu cúnamh airgeadais nó cúnamh eile a thabhairt do na tionscadail seo a leanas:

Fuinneamh Gaoithe

Fuinneamh Farraige

Cumhacht Hidrileictreach

Díleá Anaeróbach

 

Seirbhisí agus Tairgí

Labhair Linn