Freagraí Teicniúila
“Ceard a dheanfaidh muid feasta gan adhmad?” an ceist a cuireadh an t-sean amhráin “Caoine Cill Chais”, dhá chéad bhliain ó shin.
In 1865, scríobh Sasannach William Stanley Jevons, ceann de na h-eolaí soisialta is cáiliúil ón ám sin, píosa fada dar téideail "The Coal Question: An Inquiry Concerning the Progress of the Nation, and the Probable Exhaustion of our Coal Mines." An argóínt a bhí ag Jevons ná go raibh Sasanna chun a chuid achmhainne fuinneamh a úsáid ar fad, rud a chiallaíodh titim an reabhlóid tionsclaíoch a bhí an Impireacht Bhriotáin ag braith air.
Tagann réiteach ar na cásanna mar seo go h-iondúíl. Tá an ceart faighte ag daoine a bheith dóchasach go dtiocfaidh réiteach teicneoileacht roimh deireadh ré na “fossil fuels”.
Le gairid, bhí comhlacht “Steorn” as Baile Átha Cliath ag cuartú eolaí san irisleabhar “New Scientist” a deanfaidh teisteanna ar a h-inneall “fuinneamh sioraí”. Baineann an t-inneall seo úsáid as magnéid chun níos mó fuinneamh a dheanamh ná mar a thosaigh siad leis. Deireann na criticeoirí go mbriseann sé ceann de na chéad rialacha do eolaíocht fuinneamh - nach feidir fuinneamh a cruthaigh ná a scrios ach é a h-athrú
Pé scéal é, níl tada thart faoí lathair a féadfaidh a úsáid in áit “fossil fuel”. Sé an reasún ná nach bhfuil an oiread ceanna de fuinneamh in aon ceo eile. Má thagann duine eigin trasna an réiteach, cé mhéid seans atá ann go dtiocfaidh an réitiú seo direach ag an ám tráthúil?
Sé an rud ciallmhar a dheanamh ná muid fhéin a ullmhú ar fhaitíos nach dtiocfaidh an réitiú seo leis an teicneoileacht atá againn faoí lathair. Sea an réiteach is fearr atá sa todhchaí agus a bhí againn an t-am ar fad ná na fuinnimh in-athnuaite ar nós an ghrian, an ghaoith, adhmaid agus an mara.
|
Fuinneamh Mara |
Sliocht as “Last Hours of Ancient Sunlight” le Thom Hartmann |

