Photographs of various energy sources and solutions

Feidhmiú Bunúsach

Is meaisín é an tuirbín gaoithe a athríonn fuinneamh cinéiteach go fuinneamh meicniúil tré na lanna a chasadh. Ansin, athraítear an fuinnamh meicniúil go leictreachas tré ionduchtú ag úsáid gineadóir leictreach. Baineann na lanna an méid fuinnimh is mó ón ngaoth nuair atá a n-aghaidh casta isteach díreach sa ngaoth. Baineann tuirbíní úsáid as eireaball corntha chun na lanna a chasadh isteach sa ngaoth. Úsáidtear an eireaball chun na lanna a chasadh amach go sábháilte ón ngaoth má tá na luasanna gaoithe sách ard le damáiste a dhéanamh don tuirbín.

Tá meánluas íosta ag chuile chineál tuirbín nuair a thosaíonn s_é ag déanamh cumhachta (meánluas gearrtha isteach). Dá bhrí sin, cé go bhfuil na lanna ag casadh ag luas íseal, ní ghintear leictreachas ach amháin nuair a théann na meánluasanna thar an meánluas gearrtha isteach.

Go ginearálta, dá fhaide na lanna is é is mó leictreachas a ghintear. Tá éifeacht mhór ag airde an tuirbín ar an méid cumhachta a ghintear, gineann tuirbíní arda níos mó cumhachta. Tá éifeacht rí-thábhachtach ag caighdeán na gaoithe ar an méid leictreachais a ghintear. Déantar níos mó leictreachais i ngaoth ghlan atá rialta agus seasta le fíorbheagán suaiteachta nó gan suaiteacht ar bith. Féach ar Feiliúnacht.